Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin: “Tá áthas orm fáilte a chur roimh Ráiteas Straitéise 2025-2030 uaillmhianach nua Amharclann na Mainistreach, ina leagtar amach fís shoiléir d’Amharclann Náisiúnta na hÉireann mar fhoras ríthábhachtach sa 21ú haois. Dearbhaítear sa straitéis seo athuair ról lárnach Amharclann na Mainistreach i dtaobh cruthaitheacht, ceangal, saothrú agus dul chun cinn a chothú, a chinntíonn go leanann amharclannaíocht na hÉireann le bheith faoi rath, le spreagadh a thabhairt agus le nuálú a dhéanamh. Scagtar sa straitéis seo neart bunathraitheachna hamharclannaíochta agus meanma chruthaitheach mharthanach na hÉireann. Molaim Amharclann na Mainistreach as a fís, agus táim ag tnúth lena thabhairt faoi deara go mbainfidh sí a huaillmhianta amach ar an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Mark O’Brien agus Caitríona McLaughlin

Dúirt Comhstiúrthóirí Amharclann na Mainistreach, an Stiúrthóir Ealaíne Caitríona McLaughlin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Mark O’Brien: “Nuair a chuirtear san áireamh an cháil atá bainte amach ag Amharclann Náisiúnta na hÉireann, ba í an cheist ba mhó a tháinig aníos arís agus arís eile fad a bhí an straitéis seo á forbairt againn ná cad is amharclann náisiúnta ann san 21ú haois?

“Is é an toradh ná straitéis ina gcuirtear treo soiléir taistil, treochlár agus ord soiléir tosaíochtaí in iúl don eagraíocht; foilseachán ina bhféachtar chun cinn agus a sheasfaidh an aimsir, ina leagtar cuspóir amach agus a chabhróidh lenár n-uaillmhianta a bhaint amach. Díreofar sna chéad cheithre bliana eile amach romhainn ar conas is féidir linn freastal go hinbhuanaithe agus go héifeachtach ar ár lucht féachana agus ealaín iontach bheo á cruthú, agus ceangal ár bpáirtithe leasmhara linn á neartú, i gcomhthráth. Leagfar bunchlochdhaingean fúinn go mbeidh todhchaí ghléineach gheal i ndán dúinn trínár lorg digiteach afhairsingiú, ár bpleananna don fhoirgneamh a thabhairt chun cinn, cur lenár gcamchuairteanna, agus tríd an oiread sin rudaí eile.

“Teastóidh tacaíocht ónár mbord agus ár gcomhghleacaithe ar fud ár n-eagraíochta agus na healaíontóirí amharclannaíochta, na déantóirí, na hoibrithe, na héascaitheoirí, an lucht féachana, na pátrúin, na deontóirí, na tacadóirí agus ár gcomhpháirtithe earnála uile le haidhmeanna na straitéise a bhaint amach. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le gach duine a bhí inár dteannta ar aistear na straitéise seo, go háirithe an fhoireann agus Bord Amharclann na Mainistreach, an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Táimid ar bís le leanúint ag obair lenár ndlúth-chomhoibrithe agus ár gcomhpháirtithe leis na huaillmhianta a bhaint amach do na chéad chúig bliana eile amach romhainn. Ba mhaith linn buíochas a chur in iúl freisin do Scott Burnett agus don fhoireann go léir ag AAD / Wove as a dtreoir.”

Dúirt Cathaoirleach Bhord Amharclann na Mainistreach, John Cronin: “Tá gliondar croí ar Amharclann na Mainistreach Straitéis nua a sheoladh atá spleodrach ó thaobh físe agus na bhféidearthachtaí d’Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Creideann an Bord agus an Fheidhmeannacht go gcuirfear féidearthachtaí spreagúla ar fáil sna chéad chúig bliana eile amach romhainn – agus níos faide ar aghaidh – d’Amharclann na Mainistreach agus dár n-iomaí páirtí leasmhar sa bhaile, ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.  Tá gach duine agAmharclann na Mainistreach ag tnúth le hobair i dtreo bhaint amach uaillmhianta na Straitéise.”

Is féidir amharc ar an Straitéis anseo.